Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 216
- XML “Fear agus A Mhac”
- XML “Lios”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Seán Ó Lonáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Curraoin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Lios
Tá lios i mBaile Uí C[h]urraoin agus fadó bhíod[h] an-chuid sid[h]eóga ann agus bhídís ar an mbóthar gach oidhche. An oidhche seo bhí fear ag gabháil síos an bóthar agus dho theaghmhaigh fear an-bheag leis. Tabhair dom píosa tobac arsa an fear beag leis. Níl sé agam arsa an fear eile leis agus bhí fios ag an sidheóg go raibh sé ina phóca aige. Le na linn thuit an fear fuar marbh ar an dtalamh.
Níorbh fhada go dtáinig beirt bhan agus d'iarr an fe[ar] beag píosa tobac ortha. Thugadar do é agus thug sé slat draoid[h]eachta dóibh. Fuair mé an sgéal seo ó Liam Ó Lonáin. 46 blian.
(Seán Ó Lonáin, Maoil an Chóirne, sa Rinn a sgríobh na sceulta so romhainn. Dearbhráthair do Shiobhán is eadh é.)