Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'airigh mé sgéal an oidhche fé dheire mar gheall ar bád a tháinig isteach in-aice le Baile na Gall. Maidin amháin bhí fear ag dul ag iascaireacht agus nuair a bhí sé a teacht gairid do'n mbád a bhí aige féin. Chonnaic sé rud mór amuigh sa bhfarraige. Nuair a bhí an taoide imthighthe amach tháinig sé arís agus chonnaic sé bean áluinn agus fáinní áluinne air a méireanna agus an bád timcheall míle uaite. Do bhí an bád lán de gual agus adhmad. Tógadar an bhean agus ghearradar na méireanna di chun na fáinní d'fhághailt. Bhriseadar an bád suas. Ní fheadar mé cad a dheineadh léi annsan.
- Do bhí féile oidhche fheil Mártan ann an oidhche fé deire. Gach oidhche Naomh Mártan mharbhuigheann na daoine rud éigint chu fuil a tharrainngt agus dá gcoimfeá an fuil sin nuair a bheadh tinneas ort agus chuid den fuil d'ól leighidfidhe tú. Ní théigheann aon báid ag iascaireacht oidhche Naomh Mártain. Bíonn oidhche Naomh Mártan againn ar an 10adh lá de Samhna. Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh ó(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Churraoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Michéal Currín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Rinn, Co. Phort Láirge