Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 234
- XML “Scéal”
- XML “Dean Swift”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a d'fhéach sí isteach ann bhí sé lán de prátaí. Ní raibh sí boicht as san amach. Do bhí iongantais ar gach aoinne a ionnaic cad a bhí tar éis tuitim amach.
- Fadó chuaidh Dian Swift isteach go dtí tig Ósca do bhí lóistín uaidh sa tig agus ní raibh acht aon leabaidh fágtha aige an bhfear a bhí sa tig. Sa leabaidh san do bhí an fear oibre ina codhladh. Dubhairt an fear le Dian Swift dul a codhladh leis. Chuaidh an fear oibre síos go dtí bun na leabthan agus chuaidh Dian Swift ar bhárr na leabthn.
Nuair a d'éirigheadar ar maidin d'fhiarfruig ceann acu de'n ceann eile. Cionus a chodhal sé aige na gcose an oidhche roimhe sin agus d'fhiafruigh an fear ósta díobh cionnas a bhíodar tar-éis na h-oidhche agus dubhraidear go raibheadhar go maith.- Bailitheoir
- Máire Ní Churraoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag obair gach aon lá. Bhíodh sé an-dhéanach air nuair a bhíodh sé a teacht abhaile istoidhche. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag dul abhaile treasna na páirceanna chonnaic sé fear mór dubh agus do bhí fiacla móra bána aige. Do bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)