Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 260
- XML “Leigheasanna”
- XML “An Sprid agus an Fear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith agat leis. Do shúile do nighe ann trí h-uaire. Tugtar 'uisce cloiche gan iarraidh' ar sin. Leighiseadh sé pian id shúl.1. Seo leighis do phianta cnámh = dul go dtí an reilig triúr maidean i ndiaidh a chéile agus gan labhairt le h-aoinne ag imeacht nó teacht agus croma síos ós cionn na h-uaigh agud greim d'fhéar an uaig d'ithe agus beirtheá leighiste.
- Bhí fear bocht ann fadó agus bíodh sé de beus aige dul go dtí an séipéal ar turus gach lá. An lá seo bhí sé ag teacht amach as an séipéal agus chonaic sé rud bán gairid do cheann des na h-uaigeanna agus bhí an rud ag casadh timpeall. Bhí sé ag teacht níos giorra don bhfear sa deire leig sé an fear agus thit an fear fuar marbh ar an dtalamh.
An maidean ina dhiaidh sin nuair a bhí na daoine á chur chonaic ceann des na fearaibh an rud bán arís.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge