Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 289
- XML “Na Sióga”
- XML “Airc Luachra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sidheóga
Oíche amháin chuaidh fear isteach i dtigh muinteardha agus nuair a tháinig sé amach do sheas sé ag agheata fhéin agus leag sé a dhá lámh ar an bhfalla. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a dh'airig sé fothrom agus ceól agus rí-rá ag deánamh ar ais ár eigint.
D'imthig an fothrom amach thairis ag ni bhfuigheadh sé aon rud a bhí á rádh nó a bhí ar siubhal acu. Is seata sideóg a bhí ann.
Fuair mé an sgéal seo ó m'athair. Aos 50 bliadhna.- Bailitheoir
- Seán Ó Lonáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Bhí cailín amuigh sa sliabh fadó agus thit a codladh uirthi. Nuair a bhí sí ina codladh chuaidh airc luachra siar ina scórnach.
Chuaidh sí abhaile agus d'inis sí do n-a mháthair cad a thit amach. Bhí an bean bocht trí na chéile agus chuaidh sí go dtí an sean draoi a bhí amuigh sa sliabh agus dúirt sé leí tobán bainne úr a fháil agus an cailín a chuir isteach ann agus go dtiochfaidh an airt luachra amach. Dhein sí é sin agus nuair a bhí an cailín leath-uair ins an tobán tháinigh an airt luachra amach agus bhí míle púint casta timpeall air.- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge