Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 296
- XML “An Slua”
- XML “Sprideanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíodar ag léimrig thar claidhe rith an fear leis, ach má rith, rith bean ina dhiaidh agus beireadar arís air. Bhí sé ag imeacht leis go maidin agus dúirt fear aca leis má raghadh sé amach aon oíche eile go gcuireadh sé draíocht air.
D'imigh sé abhaile agus an oíche sin chuaidh sé amach arís agus d'fhan sé amuigh déanach. Chonaic sé an sluagh arís agus tharraing ceann aca gunna amach agus maraíodar an fear. - Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Bhí sé féin agus a bean ina chónaí in sean-tigh agus gach oíche bíodh sprideanna ag déanamh fothrom sa chistin.
An oíche seo, bhí sé an-dhéanach, nuair a chuaidh siad a codladh. Ní rabhadar i bhfad ina codladh nuair a d'airaigheadar an t-Aifreann á léamh sa chistin. D'éiríodar an nóimeat sin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)