Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 363](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0642%2FCBES_0642_363.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 363
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 363
- XML “Fear Dubh”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus gach aon oíche théigheadh sé go dtí tigh a bhí gairid dó chun an oíche a caitheamh.
An oíche seo nuair a chuaidh sé go dtí an tigh ní raibh aoinne istigh agus b'ait leis cá raibh na daoine go léir. Chuaidh sé isteach i ngach aon seomra ach ní fheacha sé aoinne.
Chuaidh sé amach sa macha agus chonaic sé fear mór dubh ina sheasamh i lár an mhacha. Tháinigh eagla air agus bhí sé ag dul abhaile nuair a rith an fear mór dubh chuige agus leag sé é. Dúirt an fear dubh leis gana bheith amuigh déanach aon oíche eile mar go mbeadh sé féin ag faire air.
An oíche ina dhiaidh sin bhí an fear amuigh arís. Chonaic an fear dubh é agus marbhuigh sé an fear. - Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge