Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé an cuimhne is sia siar im cheann Patsy Mulcahy d'fheiscint im thig féin. Cúpaer ab ea Patsy ach ní ar a chéird a mhair sé. Rinncóir den sean-aimsire agus den sean-nós ab ea é agus ní raibh a shárughadh lena linn. Is mó rinnceóir i mbaile sa i gcéin a bhain iarracht buachanta air, ach do theip ortha go léir mar ní raibh acu éadtromacht, gluaiseacht agus aicill, dheacht comh maith go leór chun Patsy do chur fé chois.
Bhíodh scoil le rinnce do mhúineadh ag Patsy i gcúinne páirce gach tráthnóna Samhraidh agus a thuarasdal 'leath-phiúnta' gach ceacht agus an cleachtadh saor.
Bhuaileadh sé isteach chughainn go minic ag braith ar a bholg a líonadh mar go deimhin ba mhinic folamh ná lán an bolg ceudna san. Bhíodh mo mháthair cráite aige agus théigheadh sí i bhfolach uaidh uaireannta. Chonaic sí ag teacht é tráthnóna agus shín sí ar an leaba ag coinne go mbogfadh sé leis arís gan mórán moille, ach ní mar shaoiltear a bhidhtear.
Nuair ná raibh mo mháthair á fáilltuighadh ghlaoidh sé ormsa agus d'iarr cá raibh Mommy. D'inniseas dó. Ansan ba ghairid go raibh sé ag portuidheacht mr seo :-
Tá an chearc ar gor, tá an charc ar gor, tá an chearc ar gor, a mhadainín
Tá an chearc ar gor is na luí ar shop is ní thabharfadh sí té don mbochtainín
Bé sin an cleas Patsy chun a nochta do mo mháthair go raibh fhios aige cleas mo mháthair- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann