Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 152

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 152

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 152
  3. XML “An Máistir Scoile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    A chuid sa mhaoineach ná tuig id intinn
    Nach í an fhírinne do dheunfad
    Gabh le buachaill ó chois Abha Móire
    Ná cuirfidh gruaim sa saol ort.
    Innis do d'athair nó fós do d'mháthair
    Ciacu is fearr leat féineach
    Nach bhfuilim-se cásmhar bocht ná cráite
    Go raghainn ar scáth aon scéal leo.
    Mar tá agam áitribh fairsing, álainn
    Agus ceol na stáit dá réir sin
    Ag imirt cápluis i measc fear galánta
    Lucht laidne áilne is Béarla
    Cailín :
    Ní neosfadh do m'athair ná fós do m'mháthair
    Cioca is fearr liom féineach
    Mar ní gháthach cruach ná stáca
    Ag máistir scoláirí ar aon chor
    Ach nílim dá shéanadh nach bhfuilim i ngrá leat
    Thar a mhaireann beo sa saol seo
    Seo mo lámh duit is glac le páirt í
    Is a mhalairt go bráth ní dheanfad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Caoimh
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc na Faille, Co. Phort Láirge