Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 102
- XML “Scéal fá Chró na Roda - Leabaidh Dhiarmada agus Ghráinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leabaidh Dhiarmuda agus Gráinne.
Nuair a bhí Fionn indhiaidh Dhiarmuda agus Grainne bhí siad ar chnoc Cró-na-Nád aon uair amháin. Bhí cailleach ag Fhionn agus innseochadh sí do gach lá cá h-áit a rabh siad. Bhí Diarmuid cliste go leór duithse fosna no bhéarradh sé mála gainimh leis suas go dtí an chnoc agus chuirfeadh se isteach ins an uaimh é. Annsin sheasóchadh siad air agus nuair a thiocfadh Fionn ag amharc fa na gcoinne ní thiocfadh leis iad a fhághail ar an tráigh agus b’éigean do imtheacht. Mar an gcéadna bhéarfadh se ualach fraoich leis síos go dtí an tráigh agus sheasóchadh siad air annsin. Nuair a innseochadh an chailleach do Fhionn go rabh siad ar an fhraoch ní thiocfadh leis iad a fhághail annsin ach oiread agus mar sin de níor beireadh ortha.- Bailitheoir
- Séamus O Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus O Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall