Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 114](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_114.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 114
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuair siad amach gur an diabhal a bhí ann.
Glaoidhtear ar na h-ainmhidhte mar seo.
Cearca : “tioc, tioc, tioc”.
Géacha : “gobal, gobal, gobal”.
Caoirigh : “huitche, huitche, huitche”.
Lachain : “wheet, wheet, wheet”.
Muca : “huiris, huiris, huiris”.
Bó : té, té té”.
Gamhain : “suicí, suicí, suicí”.
Nuair a bhidhthear ag cur uibheacha faoi na cearca. Cuirtear marc gorm ortha, agus cuirtear uisge coisreactha ortha. Cuirtear an chead triúr isteach in-Ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh.
Luigheann na cearca ortha trí seachtmhainí, agus annsin thigeann éanacha beaga amach. - Scéaltaí fa lucht siubhail.
Bhí Crúicigh agus Péigí Ní Ceannaidh ina gcomhnuidhe le chéile i gcró bheag, agus bhí Jammey Frank ina chomhnuidhe i gcró beag eile comhgarach. Lá amháin thuit Crúicigh amach le Péigí agus thoisigh siad ag troid. Tháinig Jammey Frank isteach agus dubhairt sé nach mbuailfeadh fear bean fhad is bhéadh fear eile san teach agus thoisigh sé ag cuidiú le Péigí. Nuair a chonnaic Péigí go rabh Crúicigh ag bualadh an bheirt aca chuaidh sí i leith Crúicigh agus d’éirigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Breisleán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall Ó Breisleán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall