Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 135
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear in a chomhnuidhe shuas ag Inbhear fad ó. Seán Mac Gearbhaidh a b'ainm do.”
(ar lean ón leathanach roimhe)lá thar na bhárach.
Ní rabh gar ann b’éigin do Seáin a gabháil a bhaile agus fanacht ins an stábla le na béathach go maidín. Nuair a tháinig an mhaidín nigh sé a aghaidh agus thriomuigh sé é le na bhiste. Thug sé a bheatach lus agus chuaidh a mharcuireacht ar go dtí an t-Aifreann. Bhí a bhean roimhe agus d’ámharc sí thart agus dubhairt sí, “seo é Seán ag teacht.
D’innis bean Seáin do na cleirí go rabh Seán ag teacht, agus gur cuireadh é coicthighis o’ shoín. D’iarr sí ar na cleirí an t-uisge coisrioctha a crathadh air nuair a thiocfadh sé isteach. Nuair a bhí Seán ag gabháil isteach ar an doras chaith fear amháin aca an t-uisge coisrioctha air. Ghlac Seán fearg agus arsa seisean leis an cleírí : “Níl múnadh ar bith ort”.
Chuaidh an cleirí isteach agus d’innis sé do’n t-sagart go rabh Seán Mac Gearbhaidh ar an Aifrinn indui agus cuireadh é coicthigis ó shóin. D’iarr an sagart ar na daoine gan a ghabháil amhach go mbeádh seisean ag an doras. Bhí seisean ag an doras agus nuair a thainig bean Sheáin agus an buachall óg léithe sgairt sé ortha ar leath taobh.
Ní rabh sé i bhfad go dtáinig Seán amach. D’innis Seán an sgéal tuas go deireadh. Chuir an sagart Seán agus a bhean abhaile agus chuir sé an buachall óg abhaile go dtí a theach fhéin.- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán O Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70