Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 150](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_150.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 150
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 150
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí rí agud báinrioghain ann aon uair amháin, agus bhí mac beag acú.”
(ar lean ón leathanach roimhe)rabh an gasúr. Dubhairt an bean go rabh sé amuigh sa phairc, agus d’iarr sí ar an cailín gábhail amach agus sgairtigh air. Cuaidh an cailín amach agus sgairt sí, ach ní bhfuair sí freagar ar bith. Rith sí isteach agus d’innis sí an sgéal da na h-athair agus da mháthair.
Cuaidh siad amach ag cuartughadh an buachalla, agus fuair siad é na luighe marbh sa phairc. Bhí an brón ar an rígh, ach caidé thiocfadh leis ar a déanamh.
Thug an cailín síos go dtí an garraidhe é, ach níor mhaith léithe é a chur. Thoisigh sí ag caoineadh ag smaoineadh go dtiocfadh an gasúr arais chuicí, ach ní tháinig.
D’fhág sí na luighe faoi crann ubhall é, agus d’iarr sí ar na h-éanacha é a thabhairt leobhtha. Ar an bhomaite thionntuigh sé isteach na éan, agus d’imthigh sé ar siubhal. Ní rabh an cailín comh bronach annsin.
D’imthigh an gasúr leis. An chéad teach a tháinig sé fhad leis shuidh sé ar an fhuinneoig agus thoisigh sé ag céol. Nuair a bhí sé criochnuigh tug an bean bróga dearga do.
Rinne sé an cleas céada ag na toighthe eile, agus fuair sé slabhradh agus cloch mhuilinn.
Nuair a bhí na rudaí seo aige cuaidh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bhera Ní Ceallachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Diarmuid O Ceallachain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall