Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 167
- XML “Gloine Fíona”
- XML “Taimí Eamoinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Éireannach, Albanach agus Sasannach ag gábháil thart lá amháin agus cheannuigh siad gloine fíona catorra. Dubhairt an Sasannach go mbéadh an chead chuid aige san, agus dubhairt an Albanach go mbéadh an dara cuid aige san agus bhí an cuid deireannach ag an Éireannach.
D’fhág siad an ghloine ar an tabla agus chuidh siad i luighe. I lár na h-oidhche tháinig tart ar an Éireannach. D’éirigh sé agus dól sé an ghloine. Ar maidín d’fiafruigh na fir eile don t-Eireannach caidé tharluig don ghloine fíona.
Dubhairt sé go dtáinig tart air agus go rabh aige leis an da chuid eile a ól le faghail fhad le na ceann fhéin.- Bailitheoir
- Iosaph Mac Aonguise
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conndae Mac Aonghuise
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
- Chuaid Taimí Eamoinn agus dhearbrathair go dtí an portach lá amháin. Ní rabh sé i bhfad go dtáinig tart ar Taimí, agus d’iarr sé ar a dhearbrathair a gabháil fá choinne canna uisge.
Nuair a tháinig sé arais leis an t-uisge, d’iarr sé air grainín tae a chur air agus é a chur ar an teinidh, ná nach rabh maith ar bith i n-uisge fuair. Rinne an fear mar a h-iarradh air. Annsin nuair a bhí an tae ólta aca luigh Taimí síos le a sgithiste(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padraig Ó Ceanaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Greannaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall