Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 173
- XML “Fear nár Fhoghlaim an Teagasc Críostaí”
- XML “Tiomna an Ghréasaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus trí pearsa”, arsan fhear. “An Dia an (sagart) t-athair”, arsan sagart. “Seadh”, arsan fhear. “An Dia an mac”, arsan sagart. “Seadh”, arsan fhear. “An Dia an Spiorad Naomh”, arsan sagart. “Creidim go beadh”, arsan fhear.
“Nach sin trí deithe”, arsan sagart. “Catorra béidh sé ní bhainfidhmid daobhtha”, arsan fear. - Tiomna an Ghréashaidhe.
Bhí fear aon uair amháin agus bhí gabhaltas talaimh aige. Bhí greasaidhe ‘na chomhnuidhe i dteach bheag ar ceithre acraí den talamh céadna. Bhí trí ingeanacha ag an fhear ach bhí siad pósta. B’eigean do, cailín aimsire a fhághail annsin. Nuair a bhí an cailín aimsire tamall aige fuair a bean bás.
Ní rabh fhios aige caidé b’fhear do a dheánamh agus cuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe a d’iarraidh comhairle, agus d’iarr an ghréasaidhe air an cailín aimsire a phósadh. Pósadh iad, ach ní rabh siad i bhfad pósta go bhfuair an seanduine bás.
San ám sin nuair a bhfuigeadh an fear bás geobhadh an bhean cúig phúnta ar son an eile bhliadhain a bhí siad pósta. Ní rabh sise pósta ach dhá bhliadhain agus ní bhéadh ach deich bpúnta le fagháil aigí. Nuair a bhí an fear ag fagáil bháis ní dhearn sé tiomna ar bith.
Chuaidh sise fhad leis an gréasaidhe agus d’innis sí an sgell dó. Dubhairt seisean go rachadh sé fhéin isteach ins an leabaidh agus go dtiocfadh léithe an fear eile a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall