Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go gcuirfidh siad le teine tú ar an dó déag o’chlog.
D’imthigh an ghasúr leis annsin agus tharla gach rud a d’innis an fear beag do. Bhí mórán daoine thart ag amharc ar na saighdiuirí ag deanamh réid an teinidh. Dubhairt bean amháin nach rabh ach deich bomaite aige anois. Bhí an fear beag ann an tám seo agus arsa seisean. “Maise chonnaic mise fear agus ní rabh ach bomaite aige agus fuair sé ar shiubhal. Níor chreid na daoine seo, agus nuair a chonnaic an fear beag seo chuaidh sé fhad leis an fear ar leis an bheatach agus dubhairt sé. “Nach bhfuil méar amháin de do lámh clí?” Dubhairt an fear go rabh, agus arsan fear beag “nach cuimhin leat gur mise a shabháil thú.
Nuair a chonnaic an fear seo thug sé ceád do’n gasúr ghabháil ar shiubhal agus thug sé an beatach do. D’imthigh an gaduidhe go dtí an leas-mhathair leis an bhuachaill, agus an capall leobhta. Nuair a tháinig an oidhche cuir an gaduidhe ceist uirthí ar mhaith léithe cluithche cardaí a imirt. Dubhairt sise gur mhaith. Agus arsan gaduidhe bhearfaidh mé geall duit, go ndeanfaidh mé rud ar bith a tarran tú orm sé sin na ghabheann tú an céad cluithche, agus cuirfidh tusa an geall céadna a thabhairt domhsa.
Thoisigh siad ag imirt agus bhain an gaduidhe an cluithche. Anois ar seisean an rud atá le deanamh agat innseochaidh mé duit anois é: “gabh suas ar bharr an Teampull agus fán annsin rith do saoghail ar arán agus uisge”. Chuaidh sí suas ach ní rabh sí i bhfad shuas go bhfuair sí bás.- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall