School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 68
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí rí ina chomhnaidhe i Sasain uair amháin agus bhí sé an tugtha le bheith ag cainnt do daoine leigheanta.”
(continued from previous page)lá sin é a theacht go dtí an áit sin agus fuasgladh na ceisteanna a bhéith aige. Seo an dá céist. Ins cén am a béadh seisean ag gabhail thart ar an domhan agus pilleadh go dtí an áit ar thoisigh se uaithú agus nuair a béadh sin fuasglaithe aige go gcaithfead sé innsint de caide an rud a rabh seisean ag smaointeadh ar agus an rabh sé ceart nó mí-cheart ins an rud sin. Dubhairt an rí leis muna mbéadh sé ábalta an dhá ceist sin a fhuasgladh go gcaithfeadh sé marcuigheacht ar asál anall agus anonn an tsráid gach lá. Bhí an bhrón ar an fhear nó ní rabh fhios aige fuasgladh na ceist. Chuaidh sé abhaile agus chuartuigh sé an méid leabhar a bhí aige (a) agus sgríobh sé go dtí fir leigheannta eile acht ní thiocfad leis eolas ar bith a fagháil. Níor bhfada go rabh na trí mhí caithte agus an (lar) lá seo chuaidh an fear fá coinne siubhal. Bhí a cheann crom agus bhí sé ag smaointeadh le sin chualaidh sé guth ar a chúl. Thionntuigh sé thart agus connaic sé a comradaidhe ag buachailleacht chaorach. “Caidé tá mí cheart leat” arsán fear a bhí ag buachailleacht. “Ó” arsán fear eile chuir an rí dha céist orm agus níl mé abalta iad a fhuasgladh”. “Caidé na céisteanna atá ann arsán fear. D’innis an fhear eile na céisteanna do. “Ó tá fhios agam sá fuasgladh na ceisteanna sin arsán fear agus gléasfaidh mise in do éadaigh-sá agus cuirfidh mé feasóg orm cosamhail leatsa annsin rachfaidh mé go dtí teach an rí”.
Bhí an átas ar an fear eile agus thug sé an chóta(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Micheál Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall