School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 69

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 69

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 69
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí rí ina chomhnaidhe i Sasain uair amháin agus bhí sé an tugtha le bheith ag cainnt do daoine leigheanta.

    (continued from previous page)
    a bhí aige do’n fhear agus cuir sé ar é. Chuaidh an fear annsin go dtí teach an rí. Síl an rí gur a bé an fear eile a bhí ann. D’iarr sé ar an rub fuasgladh na céisteanna aige agus dubhairt an fear go rabh. “Bhal arsán rí dá dtéigheadh mise thart ar an domhan agus pilleadh go dtí an áíth a thoisigh mé uaithí cé’n fad a thógfadh sé uaim”. Tógad sé fiche agus a ceathair uair go comhtrom uait ársan fear dá dtéigheadh tú thart leis an grian agus pilleadh leití go dtí an áit seo.” Dubhairt an rí gurbh sin an freagra ceart agus annsin d’iarr sé ar an fear caide an rud a rabh seisean ag smaointheadh ar agus an rabh sé ceart nó mí-ceart ins an rud sin. “Tá tú ag smaointeadh arsán fear gurbh mise fear glic agus go bhfuil mórán oideachas agam”. “Sin an rud go direach atá mé ag smaointeadh ar” ársan rí”. “Bhal mas fíor sin arsan fear tá tú mó-ceart nó ní fear glic mise nó fear le mórán oideachas ach oiread. Le sin bhain sé cóta an fhear eile de agus an féasog bréige. Ní rabh ar anois acht na h-éadaigh a bhí ar gach lá. Bhí an iongantas ar an rí agus thug sé mála óir do’n fhear. Bhí féasta mór aca an oidhche sin agus chuaidh an fear abhaile an lá ina dhiaidh sin. Bhí an atas ar an fear eile nuair a chualaidh sé go rabh fuasgladh na ceisteanna aige. Chuaidh an fear go dtí a theach fhéin agus bhí a sáith aige fad agus a bhí sé beo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0922: The Shepherd Substituting for the Priest Answers the King's Questions
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Micheál Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall