School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear go bhfuil mórán airgid i bhfolach suas annsin ar thalamh Phádraig Mhac a Bhaird, in áit dar b'ainm Poll a Diaraibh i bParóiste Árd an Ratha. tá sé trí mhíle ón bhaile mhór, agus tá sé leith mhíle on bhealach mhóir, agus fathach a chur annsin é. Tá cloch mhór os cionn an óir seo. tá an chloch seo, ceithre troigh ar leaithead, ceithre troigh ar fad, agus ceithre troigh ar doimhne, agus duine ar bith a rachas go dtí an áit seo ag iarraidh an airgid a fhaghail bíonn solas faoi an chloch.
Tá níos mó na naoi gcéad punt ann agus deirtear go bhfuil sé síos i bpoll ins an talamh faoi an chloch, dubhairt m'athair gur fathach chur annsin é, acht tá fhios agam na le sidheogaí é ar scór ar bith.
Ní rud ar bith ag choimhead na h-áite seo agus ní dóigh ar bith leis an airgead a fhaghail nó bíonn solas le feiceáil sa'n áit. Aon uair amháin chuaidh beirt phrodastanach go dtí an áit seo leis an óir a fhaghail acht nuair a chuaidh siad fhad leis an chloich, chonnaic siad an solas faoi an chloch agus rith siad abhaile comh gasta agus thiocfadh leo.Pádraig Seán Ó Breislin
Cro-an-Chaorthainn
Ard-an-Ratha- Collector
- Pádraig Séan Ó Bhreislin
- Gender
- Male
- Address
- Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall