Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 330
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht Siubhail.
Mícheal Ua Carradáin
Ní fhacas fein Micheal ariamh, ní cuimhneach liom é i gcás ar bith acht chualas go minic trácht air b’is Ciarraighe Mícheal. Bhí teangaidh líomhtha aige i nGaedilg agus i mBéarla. An té bhí maith dó fuair sé moladh , acht go n-amharcaidh an Rí ar an truaighleanigh nuair a tiocfadh teangaidh Mícheail fa dtaoibh de.
Ní rabh baile sa dá pharraiste, an ceann seo agus parraiste Glinne, nar chum se rud eighinteacht fa dtaoibh daobhtha. Seo cupla sompla:-
Tamhnaigh na muic
Caith i mbaile buidhe, madaidh na gCurra
Coghuir an mhágaidh Ninisein An Ghrinn
Cill Chásaig na mBásaigh
Garbh-ras gránda. Ballárd na Gaoithe
Agus bheir sin rhud greannmhor ‘mo chuimhne.
Thainic bád as an Bhaile Buidhe asteach la le lucht éisg. Bha gnáthach le na ceannachóisidhe scairtugh amach ón chladach fád le fear an bháid sul a dtiocfadh sé asteach ‘un chladaigh caide an cineal éisg a bhíodh leis.
Bhí duílach greannmhas fa na chladaigh an lá seo ag ceannaith. Bhí aithne mhaith aige as bhunadh an bhaid. “Haí Phadai” ar seisean in(leanann ar an chéad leathanach eile)