Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 208
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe - Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Pósaidhthe (Ar Leanamhaint). (Pisreógaí)
Ainm an duine o’na bhfuarthas na Pisreógaí seo – Séamus Ua Máodhacháin.
A Shéoladh – Dachtán, Cill Cartha , i dTír Chonaill.
A Aois – 56 bl. A Ghairm-Bheatha – Feirmeór.
Cá’r tógadh é agus car caith sé a shaoghal – in Dachtán, Cill Cartha.
Ainm an duine ó’r cualaidh séiseán na Pisreógaí – O’na Athair.
Cé mhéad bl o shoin – 37 bl.
Aois an duine eile an t-am sin – 44 bl.
An áit a rabh an duine eile na chomhnuidhe – in-Dáchtán, Cill Cartha.
An dáta ar a scríobhadh na pisreógaí sa leabhar seo – 3/6/1938.
Pisreógaí.
Deir na sean-daoiní nár chóir dó’n bhríghdeóig éadach a bhfuil spotaí ann a chaitheamh lá an phósta. Níor chóir dó’n bhaintreabhaigh éadach bán a chaitheamh lá an pósta. Ní bhéidh ádh ar bith an bhríghdeóig a chaitheas éadaigh glasa nó buidhe lá an phósta. Níl sé cheart dó’n bhríghdeóig amharc isteach sa scáthán nuair a bhíos sí ag deánadh réidh an maidin sin. Bá cheart dó chailín eile í a chóiruighadh. Ní bhéidh ádh maith ar bhríghdeóig a shoillsigheann an ghrian uirthí ag níghe a éadáin dí nó ag dhul(leanann ar an chéad leathanach eile)