Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 223
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit Ainmneacha (Ar Lean).
1. An Tráigh Bhán: Sgairteadh an t-ainm sin air siocair gur de ghaineamh bhán ata an tráigh deánta.
2. Poll a’ Dobhar-Chú: Sgairteadh an t-ainm sin air siocair go mbíodh dobhar-chú ‘na comhnuidhe ann roimhe seo.
3. Leac an Eidhneáin : Sgairteadh an t-ainm sin air siocair eidhneán a bheith ag fás ar an allt ata os a chionn.
4. Poll Ghorthaidh : Thainig corp fir dár b’ainm Gorthaidh isteach fa thír ‘san áit sin fad ó shoin agus sgairteadh ‘Poll Gorthaidh ar an pholl sin ‘na dhiaidh.
5. Leac ‘Freann Toigh’ : leac an-comhthrom ata ann agus tá staighrí ag dul suas chuige.
6. Na Doirníní : Clocha mOra cruinne ata ionnta agus is é sin an fáth ar sgairteadh na Doiríní ar an áit sin.
7. Teach a’ Mhargaidh : Sgairteadh an t-ainm sin air siocair go raibh sé cosamhail le teach mhór mhargaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall