Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus suas fhad leis an mhnaoi leis. Caidé bhí ina lámh leis ach an stoca eile agus cloch mór istigh ann Fuair sé greim muineáil ar an mhnaoí agus arsa seiseán. “Cá bhfuil an stoca a ghoid tú uaim indhé”. “Diarr tú orm é a chuir ar mó chos” arsa sise. Go díreach lé sin tháinic fear a’ toighe isteach. Tháinic scannradh ar an bhachach agus arsa seisean. “Amharc anois a fhear a’ toighe ceannuigh mé péire stocaí dó dó bhean agus nuair a fuair sí an seans tharraing sí an ghruag amach as mó cheann. Nuair a bhí sé ag dhul amach ar an doras casadh madadh air. Thug sé buille de’n stoca do’n mhadadh agus sín sé marbh é. Ní rabh fhios ag an fhear cé’n dóigh ar mhairbh an bacach an madadh leis an stoca mar ní rabh fhios aige go rabh cloch sa stoca ar chorr ar bith agus o sin amach shíl na daoiní gurbh fear draoidheachta a bhí i Saidhmidh agus o sin amach Saidhmidh Na bPisreóg a bheireadh na daoiní air agus go dtí an lá a fuair sé bás bhí eagla bhí eagla ar gach duine roimhe.
- Faisnéiseoir
- Pádraig A Dubhgáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Rualach, Co. Dhún na nGall