Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arís : “An gortughadh é seo?” agus freagrann an duine eile : Ní h-eadh ach léonadh”. Cuirtear an dá cheist seo uair amháin eile agus bheirtear an dá fhreagair ortha do rhéir mar fhóireas siad. Annsin deir sé “A fhir udaí thall tóg leat an léonadh seo fríd an mhónaidh”. (ortha an léontá a bheirtear ar seo.)
(9) An Borra Phéist An – bhruith muice a chur leis, neart uisge a ól.
(10) An Teine Fiadhain Bonn óir a chur leis.
(11) fáirthní Uisge Tobar gan iarraidh.
(12) Cait Brághaid An seachtmhadh mac a bhéadh ag fear ar bith a thabhairt chuige agus a lámh a leagan air.
Na h-aicídeacha a thigeas ar ainmhidhthibh.
Na h-Aicídeacha Na Leághasanna.
(1) Galar na gCat Neart bláthach a chur ar na cluasa nimhneacha.
(2) Galair Sgrathach Dip a chur ar an chaora.- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall