Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 295
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí bean ina comhnuidhe i mbaile airithe am amhain, agus bhí draoidheacht aicí. Bhí cumhacht aicí í féin a athrughadh isteach ona gearr fhiadh ina rachaidh isteach go gach boitheach san bhaile, agus nuair a rachadh muinntir na dtighthibh a’ mblíghe na mbó ní bhfuigeadh siad deor bainne. Bhí seo ag dul ‘un tosuigh ar feadh fada go leór. Sa deireadh d’innis an sean cailleach a rún do páiste a mic.
Lá amhain d’athruig an sean cailleach í féin isteach ina gearrfiadh. D’imthigh sí síos go h-áit a rabh fear ag buachailleacht ba. Nuair a tháinig sí fhad leis an fhear thug sé buille de shlait dithí agus sgairt an páiste amach “a mháthair mhóir tá tú ag díol go daor ar son do cuid diabhlaidheachta anois”. Indhiaidh sin fuartah amach cáidé bhí ag teacht ar an bhainne.
Lonnus nach gcaillfeadh bhó a cuid bainne ba ceart a umha a níghe le na cleimirt fhéin. Le bó a dheánamh furust a bhlíghe indhiaidh gamhain a bheith aicí ba cheart a umha a níghe le gruth- buidhe.
Deirtear nach ceart bó a bhlighe ar an urlár nó má gnidhthear sin caillfidh an bó a cuid bainne uilig. ní bhíonn morán dóigh ar teach nach mbíonn capall ann. Ní maith leis na seandhaoine roimhe seo daoine eile béith ag amharc ar a bheithidhigh. Comhnuidheann an capall san stábla, áit nach mbíonn aon rud ann ach é fhéin. Tá mainseár ins an stábla, agus astoigh annsin a cuirtear an féar do’n capall. Itheann an capall féar agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ua hEigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall