Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 298
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá daoine maith ag dhul daobhtha. Cuirtear crosannaí Fhéil Brighde i dteach ná mbó. Cuirtear crus beag leis an baine ar an bó indiaidh i a blighe.
Caithear capall óg nó searrach a ceannach Caithtear é a cleachtughadh do na dallogaí ar dtús annsin don súgan brághaid Ceangaileann cuid de na daoine crann dó rópa agus greamuigheann siad an rópa don súgan brághaidh agus tarraigeann an seárrach an crainn leis. Sin an doigh le na cleachtugadh don súgan brághaid. Cleith fhorrsuighe a bhíos ag cuid de na daoine in áit crann.
‘Tuirs’ a deirtear le muc le é a sgairteadh chun bidh
‘Noitsí’ a deirtear le caora
‘Diúc’ an t-ainm a sgairtear ar cearca le iad a sgairteadh un bidhe
Bíonn neadracha amuigh ins an choirce ag na chearca. Bheireann siad uibheacha ann Corr - uair luigheann cearc ar uibheacha a béidh i nead den chineal seo agus tigeann sicíní amach. Ní tharluigheann seo acht go h-annamh