Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 327
- XML “Sean-Nósannaí”
- XML “Bratóg Bhríde”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuirtear rudaí 'sna boithigh le tinneas agus aicídeacha a choingbheailt ar shiubhal ó na beithidhigh.
- Cuirtear bratóg Bríghde amach ar oidhche Fhéil Bhríghde. Níl ann ach ball éadaigh de cinéal ar bith; sean nó úr, a cuirtear suas ar cionn a' toighe. Chuirtear an bratóg ar beathadhach ar bith a d'eiriochadh tinn fá'n teach ag súil go mbiseochadh sé iad.
- Faisnéiseoir
- Liam Ua hÉigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall
Scéal
“Am amháin bhí Naomh Bríghid tinn agus bhí sí 'na luighe.”
Am amháin bhí Naomh Bríghid tinn agus bhí sí 'na luighe. D'iarr sí ar a mbunadh gabhail amach agus feaga a thabhairt isteach chuicí. Rinneadh amhlaidh. Nuair a fuair sí na feaga thúsuigh sí ag deánamh crosanna beaga díobhtha. Dheamhain i bhfad go rabh cnap cros déanta aicí agus iad sgabhtha fríd an leabaidh go léir aicí. Dubhairt sí gur b'iad na crosanna a chur biseach uirthí. Ariamh ó shoin ar an 1adh lá de Feabhra (Oidhche Fhéil Bhrighde gnídheann na daoine crosanna as feaga.- Faisnéiseoir
- Liam Ua Éigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall