Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 127
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sin ann a's is fad ó bhí: bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad an-bhocht mar gheall ar a gcuid fallsachta..”
Bhí sin ann a's is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad an-bhocht mar gheall ar a gcuid fallsachta [ionnas]? Nach rabh siad toillteanach obair ar bith a dheánamh. Sa deireadh arsa’n bhean leis lá amhain: “Gabh amach a’s túsaigh a dh’obair sin no bollaigh leat ar shiubhal as seo”. Níor labhair an fear focal ach d’imthigh leis amach ar an doras. Ach ní dheachaidh sé i bhfad go gcualaidh sé an sgairteach in a dhiaidh:
“Pill” arsa’n bhean.
Ní phillfidh, arsa’n fear.
Bhal, rachaidh mise leat ar sise.
Annsin shiubhal siad leobhtha ach ní dheachaidh siad i bhfad gur casadh cat ortha. Bhí cainnt ag ‘ach uile bheathadhach fad ó shoin agus arsa’n cat leo:
“Cá bhfuil sibh ag dul?”
“Tá muid ag dul ar shiubhal ag cuartughadh ár bfortúin” arsa’n fear.
“An leigfidh sibh mise libh?” arsa’n cat
“Leigfidh agus fáilte” arsa’n fear, “nó is maith linn do chuideachta”.
Shiubhal siad leobhtha agus níor bhfada gur casadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall