Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 199
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh. Bliadhain a d’fhan an bhaintreabhach diomhaoin gur phós sé arais agus bhí an dara bean go h-an olc do’n dilleachta giorrsaighe. Ní rabh sí a tabhairt a ceart bidh dithe mar bhí sí ag tabhairt dá cuid páisdí féin agus nuair a d’éirigh sí mór láidir ionas go rabh sí i n-innibh a dhul a dh’obair, díbriughadh sí ‘na chnuic í ag bhuachailleacht eallaigh. Bhí caora dhubh ag siubhal le caoirigh a h-athara sa chnoc agus thigeadh sí ‘ach uile lá fhad leis an dílleachta agus spréidheadh sí éadach geal ag na taoibh, a’s tigeadh an uile chineál bidh ar an éadach sedo go dtí go n-itheadh an ghiorrsach a sáith. D’imthigheadh an chaora leis an éadach annsin fríd na caoirigh eile a bhí ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall