Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 223
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Nuair a bhí Colmcille sa t-sean Ghleann seo bhíodh coimhthiolán ag an naoimh go minic ag áit ar a dtugthaoi "Currantaigh Searc" air go dtín lá indiu.”
Seán Mac Giolla Easbuig
Cill Fhánaid,
Gleanncholuimcille
Nuair a bhí Colmcille sa t-sean Ghleann seo bhíodh coimhthiolán ag na naoimh go minic ag áit ar a dtugtaoi "Currantaigh Searc" air go dtí'n lá indiu.Is cosamhail go rabh Colmcille rud beag lasta 'san agaidh agus i lár an t-seanchais dubhairt duine de na naoimh go rabh braon fola in a phluc. Ghoill seo go mór ar Colmcille agus nuair a tháinig sé 'na bhaile d'fhiafruigh sé do'n chailín aimsire an gcuireadh sí bainne fríd an arán. Dubhairt sise nach gcuiread sí a'n dath ach an sgaith a mheasgadh sí ar an t-soitheach, agus tháinig oiread feirge air a's go dteachaidh sé amach agus gur mharbh sé an bhó.Seal gearr in a dhiaidh sin bhí an cailín aimsire ag mairgnigh fá'n dóigh bhocht a bhí ortha gan a'n deor bainne a bheith aca agus tháinig aithreachas air chionnas gur marbh sé an bhó. D'imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall