Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 186
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí constábla i gConndae an Chabháin aon uair amháin agus chuaidh sé anonn go h-Albain agus fuair sé stáisiún ansin.”
Bhí constábla i gConndae an Chabhain aon uair amháin agus chuaidh sé anonn go h-Albain agus fuair sé stáisiún annsin. Ní rabh dul aige aon chás d’fhághal agus dá bhrigh sin dubhairt an t-oifigeach leis lá amháin go gcaithfeadh sé é a bhriseadh.
Thárla go rabh sé ag spaisteóireacht fá’n t-sráid an tráthnóna céadna sin agus tháinig bacach as a bhaile dhuthchais thart agus thug sé fá dearc an smúid agus an ghruaim a bhí ar agaidh an chonstábla. D’fhiafruigh an bacach dó an rabh aon dath ag cur imnidhe air. Dubhairt an constábla leis go rabh an t-oifigeach ag dul a bhriseadh chionnus go rabh sé ag sáriughadh air aon chás d’fhághail.
“Bhal”, arsa’n bacach leis, “an bhfuil dhá sgilling agat”?
“Tá”, arsa’n constábla.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall