School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an fhear na t-seomra agus an rasúr leis. Ní rabh solas ar bith leis an t-am seo agus tharraing sé an rasúr thart ar mhuineal a mhic fhéin. Nuair a tháinig an fear amach as an t-seomra arais. Dubhairt a bhean leis go rabh eagla uirthí gur chuir sé a lámh i dtrioblóid na b'fhéidir na rabh dochar ar bith leis an ghasúr sin. "Rinne mise an tapaidh is fearr" arsan fear. Fá dheireadh stad an chomhorádh agus d'éirigh an gasúr chomh socair agus thiocfadh leis agus d'amharc sé amach ar dhoras an t-seomra. Bhí an fear na luigh ar an urlár ar an taobh thall de'n teinidh agus an bhean na luighe ar an taobh eile agus iad na gcodladh. Nuair a chonnaic an gasúr seo tugadh sé iarraidh amach, ní rabh colbha ar bith ar an chisteannaigh acht dhá chliabh. Leim sé thar mhullach na gcliabh agus caidé thuit acht na cléibh agus caitheamh an gasúr amach ar an t-sráid. Shíl sé nach bhfuigheadh sé a sheasamh a choidhche go mbeadh greim aca air. Acht leim sé na sheasamh agus d'imthigh sé gan triobloid ar bith. D'imthigh sé leis piosa fada agus sa deireadh tharraing sé ar theach beag ar thaobh an bhealaigh mhóir. Chuaidh sé isteach agus ní rabh duine ar bith istoigh. Bhí cliabh i lár an urlair agus é lán lín. Thóg sé amach dornan de'n lín agus chuaidh sé isteach ins an chliabh, agus(continues on next page)
- Informant
- Bríghid Ní Bhaoighil
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- An Mullán Mór, Co. Donegal