Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 281
- XML “Scéal Ard an Fheannaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal Ard an Fheannaidh
Ins an tseanam nuair a thoisigh na hallmhuraigh a' fágáil críocha Lochlann agus a' teacht 'na tíre seo is minic a d'fágadh siad an cabhlach i Longphort agus bheireadh ruaig isteach fríd na sléibhte ag creachadh, ag goid agus ag milleadh. Is iomaí troid agus bruíon a bhíodh acu leis na hÉireannaigh, go mór mhór leis na Fianna abhus anseo ar an tSealgán. Chaith Fionn agus na Fianna cuid mhór dá gcuid ama ag seilg nó bhí an áit féidhmiúil san am as a cuid sealga. Tá cnoc beag ann a fuair an t-ainm ón dóigh a d'fheannadh siad na toirc agus na heilit mhaola air agus níodh siad rósadh ar na beithigh air fosta. Bhí séasúr eile le fanacht ar Árd an Fheannaidh mar a tugadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann