Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuir trí ingeacha Mhac Conchubhair na gCrosann cuireadh ar Fhionn agus a mílisí agus 'sé an rud a bhí sa chuireadh- cuireadh feille, agus sé an áit a raibh an dinnéar le bheith istigh in uathaigh ag áit a dtugtar Cannan Cheann a tSléibhe air.
Tháinig Fionn agus iomlán a chuid fear ach Diarmuid Donn a bhí rud beag mall.
Nuair a tháinig siad 'fhad leis an uathaigh casadh orra na triúr ningeanach a chuir fearadh na fáilte rompa agus thug isteach iad agus d'iarr orra suidhe síos. B'é an uathaigh an áit a ba deise a bhfacaigh siad ariamh. Bhí dhá chineal éadaigh mullach a chéile ar an urlár faoina gcosaibh, agus línín shíoda ina mhullach sin.
Bhí an cosamhlacht dinnéara a ba mhó agus ab fhearr a bhfacthas ariamh dá dhéanamh réidh ag dhá chócaire dhéag i gcultachaibh gheala bhána thart fán tinidh agus sé an áit a raibh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall