Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 340
- XML “Scéal Loch Finne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí na Fianna ag seilg ar shléibhtibh Thír Chonaill agus dálta i gcómhnuidhe rinne siad an-seilg.
Séideadh an adharc i dtráthaibh an mheádhon lae fá choinne na bhfear sgithiste a ghlacaint agus ar an bhealach dóibh 'fhad leis an áit ar shéid Fionn an adharc uadh casadh orra ál bainbhean. Mharbhuigh siad an ál uilig agus d'fhág siad marc ar an áit a raibh na bainbh - crann droighin- agus é fá bhláth, ach go díreach nuair a bhí siad ag imtheacht ón áit caidé tháinig orra ach an chráin í féin. Ba mhaith a d'aithin sí gur bhain siad le na rudaí óga nó chualaidh si a' sgreadfach agus mhothuigh sí an tamhacháisg.
Ní dhearn sí ach iad a ionnsú agus indiaidh mórán de na madaidhibh a loitiú agus iongacha a bhrisiú aca theith sí. D'imigh tri mhadaidh na dhiaidh . Tháinig an chéad mhadadh suas leithe agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann