Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 305
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Am amháin tháinig an-ghruaim ar Fhionn agus ní labharfadh sé agus ní híosfadh sé a'n ghreim féin agus fá gháire de ní thiocfadh leo aoibh a chur air ní hamháin mion-gháire a dhéanamh. Bhí seo a'cur trioblóide móire ar na Fiannaibh agus lá amháin rinne siad amach go gcuirfeadh siad ceist air ach dubhairt Goll leo nach raibh gnoithe ar bith ceist a chur air. " Tá fhios agamsa caidé tá air. Tá bean a dhíth air." Fuair siad amach gur inghean Chormac Mac Airt an bhean a chuir sé spéis innti, agus d'imigh na Fianna uilig le Fionn go bhfuigheadh siad inghean Chormaic dó. Nuair a shrois siad Teamhar cuireadh fearadh na fáilte rompa agus rinneadh reidh féasta ar leith dóibh.
Nuair a bhí an chuirim ag dul 'un tosaigh tháinig mná an toighe amach as a ngrianán 'saca féin go bhfeicfeadh siad na Fianna. Tháinig inghean Chormaic leo. Anois, go Cnocaibh Chuinn ní raibh a'n bhean comh hálainn le Gráinne - ingean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall