Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 333
- XML “An Fear nár Crochadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear iongantach bocht a bhí ann a bhí ina chomhnuidhe cómhgharach ag Leithbhearr.Bhí bean agus sgaifte mór páisdí aige. Bhíodh sé ag obair ag seanduine a bhíodh i gcomhnuidhe ar shiubhal ar aontaighibh ag díol agus ag ceannacht.
Lá amháin ní raibh faic le hithe aca 'sa bhaile ag imtheacht dó ar maidin agus rinne sé amach go ngoidfeadh sé cúpla cloch préataí le tabhairt 'na bhaile leis.
Nuair a bí sé a'baint an bhaile amach casadh an seanduine air a phill níos luaithe nó ba ghnáthach leis.Chuir sé ceist ar an fhear bhocht caidé a bhí leis sa mhála agus ar ndóigh shaoil sé go leigfidhe leis é nuair a d'innis sé go raibh an t-ocras dubh ar a mhnaoi agus a chloinn.Ach ní dhearn an seanduine ach é a thabhairt leis arais go Leithbhearr agus a fhághail gaibhte. Cuireadh breitheamhnas crochta air nó ins an am seo mara ndéanfá ach cnaipe casóige a ghoid chrochfaidhe tú. Ghuidh sé agus dhiogar ( d'agair) sé ar fhear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall