Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 346
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Séamus Ó Gallchobhair 'na chomhnuidhe ar an tSrath Buidhe comhgharach ag na Gleanntaibh i dTír Chonaill 's an tsean am aoibhnigh.
Bhíthear a rádh fa na thaoibh nach raibh duine nó diúlach ábalta eagla nó imnidhe a chur air.I dtrathaibh an ama seo ní raibh morán de bharr aige i dtaoibh maoine shaoghalta. Bhí a airgead uilig raithte go dtí leath ghuiní amháin agus ní thiocadh leis smaointiú ar dóigh ar bith le tuilleadh airgid a dhéanamh.
An lá roimh aonach Árd a Ratha tháinig a bhean fhad leis agus deir sí " Tabhair leat an leac ghuiní sin go dtí'n t-aonach i mbárach agus cheannuigh muc bheag de chineál ar bith air.Is fearr rud ar bith ná bheith folamh. Agus gheobhaidh tú ceann saor anois ag deireadh an tséasúir."
" Maith go leor, dhéanfaidh mé sin agus fáilte. Bhí go maith agus ní raibh go holc. D'imigh Séamus agus cinnte go leor fuair sé muc bheag, chaol,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall