Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)

Suíomh:
Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Ní Amhalaghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Thanaidhe
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Gaiscíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé go n-iomcaradh sé oiread eile. Uair eile chuaidh sé siar go teach Seámus Bhag, dhá míle go leith ar shiubhal, agus d’iomchar sé mála dhá chéad mine amach í gcul na cruaiche móire, amach go abhainn na marbh agus níl aon nduine a bhfiafreochfa de, nach n-innseochadh siad an cineal ceadhna díot.
    Bhí fear eile thuas annseo ar Ard an Rainigh agus Peadar Bhreathnain air, agus bhí cloch mhór ós coinne amach an toighe, agus nÍ rabh fhíos cá mhéid tonna meadhcain a bhí innti. D’iarr sé ar Sheámus Chit, agus ar Eoghan na Binne, (beirt fhear as an chomharsanacht) an chloch a chur ar a dhruim agus go n-iomcharadh sé í.
    Tá scéaluidhe mhór í gClochar na gCaorach agus Connall ‘ac Cormaic is ainm de. Ghlachadh sé trí seachtmhaini a chuid scéaltai uilig a scríobhad dé mhéad is ata aige. Tá sé ceithre scór go leith bliadhantaibh.
    Tá cupla scór bliadhain ó shoin, nuair a bhí an t-am cruaidh ag na daóini, d’éireochadh na mná roimhe an lá, agus dheanfadh siad tuírtin bocstai, agus d’imteocadh siad leis go Gleann t-Suilighe an t-am sin ar máidin ag cosaidheacht, no ní rabh rothar ar bith le faghail an t-am sin, ach mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Duibheannaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall