Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach ingean amháin. Fuair an fear bás agus bhí droch dhóigh air an ghiorsaigh bhig.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a shroich siad caisleán an ríogh bhí fáilte mhór ag an rí agus ag an bhainríogain roima. Maidin lá ar na bhárach, chuir an rí isteach i seomra í agus d’iarr uirthi an olann sin uilig a bheith cárdáilte aice nuair a thiocfadh siad-san arais ag luighe na gréine. Nuair a d’imthigh siad suidh an ghiorsach ag taobh na teineadh agus thoisigh sí a caoineadh. Fa dheireadh tháinig duine go dtí an doras, síl sí gurbh’ é an rí a bhí ann.
    Chuaidh sí síos agus d’fhosgail sí an doras agus cé a bhí ann ach bean a raibh lámh mhór uirthi. Chuir an ghiorsach ceist uirthi caidé a tháinig uirthi agus dubhairt sí gur choinnigh a fear ag obair í go dteachaidh a raibh de fuil in a corp isteach ina láimh. Dubhairt sí leis an ghiorsach go ndeánfadh sí an obair díthe dá dtabhairfeadh sí cuireadh ‘na bainse díthe agus dubhairt an ghiorsach go dtabhairfeadh. Nuair a tháinig an Rí ‘un an bhaile tráthnóna bhí an obair uilig deánta ag an ghiorsaighe. Maidin lá ar na bhárach cuireadh an ghiorsach isteach i seomra agus h-iarradh uirthi an olann sin uilig a bheith sníomhtha aice nuair a thiocfadh siad-san arais ag luighe na gréine.
    Nuair a d’imthigh siad shuidh an ghiorsach ag taobh na teineadh agus thoisigh sí a chaoineadh. Ba ghoirid go dtáinig bean go dtí an doras. D’éirigh an ghiorsach agus leig sí isteach í. Cé a bhí ann ach bean a raibh cos mhór uirthi. Nuair a tháinig sí isteach, chuir an ghiorsach ceist uirthi caidé a tháinig uirthi, agus dubhairt sí gur choinnigh a fear ag obair í go dteachaidh a raibh de fhuil in a corp isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seorsamh Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall