Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus nuair bhíodh sé réidh le n'a cuid oibre tráthnóna go mall, chaitheadh sé gabhail agus cliabh mónadh a tabhairt isteach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ar an fhear. Thoisigh an sagart a léigheadh as a leabhar agus thionntuigh an chaora ina sagart agus thoisigh an dá shagart a caint Laidine. " Geall ar Dhia arsa an fear "Cia bith atá sibh a rádh abairighidh amach go soileir é." Ins an bhomaite sin thionntuigh an sagart ina caora arais agus chuaidh sí isteach faoi'n bhéin lic, d'iarr an sagart ar an fhear a ghabhail isteach faoi'n lic agus í a thabhait amach chuaidh, ach ní rabh sí fághail aige. Agus, nuair nach rabh bhí a sháith iongantais ar an fear. Agus d'iarr an sagart air gan aon dhomhnach a leigint thart gan a gabhail 'un Aifrinn. D'imthigh an bheirt 'na bhaile agus ní fhacaidh aon duine an chaora on lá sin go dtí an lá indiú.
Sgéalaidhe: Pádraig Ó Dubhthaigh Airdmhín Clochán Liath 65 bl.- Fionn Mac Cumhaill agus a Mhac OisínLá amháin bhí Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna Éireann amuigh ag seilg. Chaith siad lá ar bheann is ar ghleann agus ní bhfuair siad dhath ar bith. Ag deireadh an tráthnóna agus iad ag teacht 'un an bhaile léim eilit mhaol amach as faoi bhun binne. Lean siad í(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antoin Ó Ghallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall