Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 26
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí teangaidh géar ag na bacaigh fad ó agus is iomdha scéal a n-innistear fa dtaobh daobhtha.”
Bhí teannaidh géar ag na bacaigh fad ó agus is iomdha scéal a n-innistear fa dtaobh daobhtha.
Thainig bacach isteach i dtoigh lá agus d'iarr sé béile o bhean a toighe. Thug sise sin do agus nuair a bhí sé ithte aige dubhairt sé,
"Tobac indiaidh bidh is ar bhean a toighe sin"
Ionann 's le rádh gur cheart duite tobac a thabhairt do le na phiopa líonadh.
"Níl aon bhacach da dtigeann 'un toighe nar bheag an chíos dó é bheith leis" arsa bean a toighe."
D'amharc an bacach go géar uirthí ar feadh bomaite agus annsin thug sé an freadar seo uithí.
"Ní ar feabhus do chuid bidh a bh'fiadadh leitheid a chíos a bheith air."- Bailitheoir
- Pádraig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall