Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)

Suíomh:
An Chruit, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 71

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 71

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruit Island
  2. XML Leathanach 71
  3. XML “Caisleán Dhún Ghleo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thiar annseo cupla míle ar an taobh thiar den scoil seo ar an Chloic Ghlais tá oileán beag ann. Oileán Beag árd iseadh é, agus níl sé acht tuairim's ar cupla céad slat amach on talamh, agus os coinne an oileán tá port no cuan beag ar a dtugtar Port an Chaisleáin mar ainm air. Ar mhullach an oileán tá lorg an tsean chaisláin a bhí annsin fad o shoin. Cáisleán Dhuin Gleó a b'ainm don caisleán seo, agus seo mar fuair an cáisleán an t-ainm. Fad o shoin bhí taoiseach, agus a teaghlach na gcomhnuidhe istoigh ar an oileán seo. Is minic a bhíodh an taoiseach, agus a chuid fear ar shiubhal ag tógail creach o na comhursain acht ní fhágfadh siad an caisleán gan gárrdha maith a fhághail na ndiaidh. Uair amháin dtimigh sé amach siar go Connacht bráth creach maith a bhaint amach annsin. Bí siad as latair ar feadh tamaill maith go dtí lá amháin chuadh bunadhas an ghárastúin ar shiubhal isteach go h-Arainn Mhór. Ní rabh fagtha san caisleán acht nighean an taoisigh, agus cupla duine de na seirbhisigh. Tháinig an oidhche agus níor phill an muinntir a d'imthigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Chloch Ghlas, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Éilis Ní Dhubhgáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort Lios Saighead, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh O Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    36
    Seoladh
    Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall