Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 75
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Nuair a bhí an sagart mór O Dhomhnaill i gCeann Caslach tuairm 's ar trí fichid bliadhain o shoin bhí fear 'na chomhnuidhe ar an Chruit dar b'ainm Domhnall Néill.”
Nuair a bhí an sagart mór Domhnaill i gCeann Caslach tuairm 's ar trí fichid bliadhain o shoin bhí fear na comhnuidhe ar an Chruit dar b'ainm Domhnall Néill. Bhí sé rud beag simplidhe.
Lá amháin casadh an Sagart Mór air agus nuair a bhí siad ag cainnt tamall arsa an Sagart Móe
"A Dhomhnaill duine gan dóigh atá ionnat".
D'amharc Domhnall go géar ar an t-sagart ar feadh bomaite agus annsin dubhairt sé
"Go moltar an té a sheólas mara gus trágha, go moltar an té a ngíos an oidhche dhubh dhorcha lá. Sin é an té a d'fhág mise mo dhuine gan dóigh."
Nuair a chuala an sagart sin chrom sé a cheann agus shiubhal sé leis ag meabhrugadh.- Bailitheoir
- Pádraig O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Siubhan Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall