Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 59
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear na chomhnuaidhe ar an Chruit. Néill Brighde an t-ainm a bhí air. Bhí capall iontach gasta aige.”
Bhí fear na chomnuaidhe ar an Chruit. Néill an t-ainm a bhí air. Bhí capall iongantach gasta aige. Cheannuigh Peadar O Dhomnaill as Uaigh an capall ó fear as Innismian agus fuair Néill annsin í. Firefly an t-ainm a bhí ar an chapall. Nuair a bhíod an capall ag rith ar an traigh bhéadh na sean daoine uilig ag sgairtí ar Neill. Sul a dtoisigheadh an rása bheirfeadh na mna uibeacha don chapall. Bhí bean as na gCnoc posta ar an Chruit agus bhí capall gasta ag a dhearthair. Nuair a bhí na capall ag rith thoisigh an bhean ag scairtí. Go gcuidigh Dia leat a dhearthair. Mo seacht beannacht tú a Néill. Bháin capall Néill an rasa sin. Lá eile tháinig fear as Gaoth Dobhair le capall. Nuair a bhí siad ag dul a toiseacht ar an rása thug na mna na h-uibheacha don chapall connaic an fear eile iad agus dubhairt sé gur sulach a thug siad do na capall-sa. Bhí searrach ag an capall agus "Johnny Ruadh" an t-ainm a bhí air. Bhí seisean níos guiste nán capall éile. Nuair a d'eirig an Firefly aosta níor mhaith le Néill í marbhadh agus dfág sé amuigh ag Airgeal í. Bhí "Johnny Ruadh" ag tabhairt na leitreacha ó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 97
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall