School: Leitir
- Location:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
![The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 173](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1062%2FCBES_1062_173.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 173
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 173
- XML “Scéal a 3”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal a 3 (continued)
“Bhí bean ann am amháin agus bhí sé n-a comhnuidhe i Srath na Seangan. Oidhche amháin ar a h-aon dhéag a chlog tháinig fear isteach agus shuidh sé ag an teine.”
(continued from previous page)sa teach ar a bhomaite” “Bhal” arsa seisean “Cuir fa choinne tae comh gasta is thig leat, nó níl mise ag dul fhanacht níos fuide”
Bhí seachtar páistí aicí agus chuir sí an giorsach a ba sine ar shiubhal go dtí teach ma athair mhór fá choinne tae agus ‘ach aon rud. Nuair a bhí sí ag ghábhail ar shiubhal d’innis a mháthair dithe rud mór fir a fhághail agus a rádh leobhtha go rabh fear mire sa teach. Ní rabh an ghiorsach i bhfad ar siubhal go dtáinig sí na bhaile; agus nuair a tháinig sí isteach d’amharc an fhear uirthí agus dubhairt sé. “Cá bhfuil an tae agus an t-arán”. “Tá sé annsin anois le fada arsa an bhean agus ní thig linn fághail réidhtigh leis”. “Ó” arsa seisean “na abair sin arais no ní bhéidh tusa i bhfad beo anois”.
Thoisigh an bhean ag deánamh aráin agus tae agus ní rabh sí i bhfad da dheánamh. Thug sí an tae do’n fhear agus nuair a bhí sé chomhair a bheith ithte aige d’éirigh sé agus d’fhág sé an gogán ar an tabla.
Fuair an bhean greim ar an leanbh a bhí dhá 1 mhí agus dubhairt sé. “Fág síos an leanbh sin go gasta”. Fuair an fear greim ar an mhnaoi agus annsin thóg sé an (corpán) chorrán. Ar an bhomaite cé tháinig isteach acht seisean(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Laodhóg
- Gender
- Female
- Informant
- Brian Mac Cáilín
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall