Scoil: Leitir

Suíomh:
Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal a Dó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann uair amháin, agus bhí sé ag dul a dhéanamh dóig. Bhí spád aige agus é ag rómhar leis. Nuair a bhí sé ag dul 'un n-a bhaile chonnaic sé rud mór buideáil ag teacht amach as an díog.

    Bhí fear ann uair amháin, agus bhí sé ag dul a dheánamh díog. Bhí spád aige agus é ag rómhar leis. Nuair a bhí sé ag dul 'un n-a bhaile chonnaic sé rud mór buideáil ag teacht amach as an díog.
    Nuair a chuaidh sé ‘un n-a bhaile d’innis sé an sgéal do na daoine agus dubhairt a athair “Poll siógaí atá ann”. Chuaidh an fear suas an lá i n-a dhiaidh sin, agus dhruid sé an díog, agus o’n lá sin go dtí an lá indiu “Poll na Sídheógaí an t-ainm atá air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal a Dó

    Bhí gasúr beag ag buachailleacht shíos ag an fhairrge lá amháin. Chonnaic sé bean ag teacht aníos as an fhairrge. Ní rabh acht aon bó amháin.

    Sgéal a dó:-
    Bhí gasúr beag ag buachailleacht shíos ag an fhairrge lá amháin. Chonnaic sé bean ag teacht aníos as an fhairrge. Ní rabh acht aon bó amháin. Fuair an bhean greim ar adharc a bho, fuair an gasur greim ar ruball a bho. Thoisigh an bhean ag tarrainghte an bhó isteach i spinc agus bhí an gasúr ag iarraidh í a tharraingt amach, acht sa deireadh tharraingt sí an bhó agus an gasúr isteach léithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ua Connácháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall