Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má thigeann duine no beathach ar an t-saoghal seo ar Dhomhnach Cingcise, sul a gheobhaidh sé bás muirfidh sé duine nó rud éigin eile. Bíonn na daoine seo iongantach crósta bheireann na daoine Cingcise ortha.
Níl sé ceart dul un na tragha an lá seo agus níl sé ceart do chos a ghearradh ar bhuideal nó beidh sé iongantach fada sul a gheobhaidh sé biseach. Níl sé ceart na bróga a bhaint díot an lá nó rud a shiubhlainn tú air an lá seo agus tú costarnocht ní fhasfaidh sé níos mó.
Má bhíonn tú brath eirighe go luath an mhaidin seo agus tú a bheith mallag éirghe béidh tú mall le gach aon rud atá tú ag déanamh fríd an bhliadhain.