Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Roilig i Leitir Mhic a Bháird.Tá dhá roilig ins an ceanntar seo. Ceann aca i Mín a Gabháin agus ceann eile i Magh Damha. Ceann Caitilceach atá i Magh Damha agus ceann Produstunach atá i Mín a Gabháin.
Tá an roilig i Magh Damha chor a bheith líonta le daoine atá curtha ann. Tá blathannaí deasa ag fás ar na h-uaigheannaí ann. Tá ballaí árda thart ar an ceann i Mágh Damha.
Tá teampall gallda togthá sa tsean roilig. Roilig caitliceach a bhí ann, an cead uair, acht na produstunaigh de na Caitlicaigh é. Tá ballogaí an tSean Mainistir le féiceail go fóill fósta. Bhí an tSean Teach Pobail san áit a bhfuil an sgoil seo tóghtha anois. Tá sagart curthá sán roilig gallda.
Deirtear go rabh fathach ag dul thart annseo agus go rabh sé tinn, nuair a fuair sé bás gur chur siad taobh amuigh de ballaí an tsean (teach p) roilig é. Bhí sé ocht troigthe déag ar fad.
Tá ballógaí an tsean Teach Phobail Caitliceach le feiceal ann go fóill. Tá tombaí móra sa Reilig. Ní’l morán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann