Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 190
- XML “An Gadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tógtha ó'n fheoil. Sa deireadh d'imthigh sé agus é eadar bás agus beatha.
Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh madadh ruadh air agus dubhairt an madadh ruadh leis gur b'fhearr do fhéin agus a bhean imtheacht an oidhche sin go dtí an baile mór agus go mbeadh seisean annsin ag fanacht leo; go gcuideochadh sé leo agus go bhfuigheadh sé loistín na hoidhche go maidin daobhtha.
D'imthigh an fear leis ag tarraingt ar an áit ar fhág sé a bhean agus bhí sí annsin ag fanacht leis. Tháinic iongantas mór uirri nuair a chonnaic sí a fear ag tarraint uirri agus é stroctha, millte, gearrtha. D'fhiafruigh sí de caidé tháinic air ná ar imthigh an diabhal. Dubhairt sé leithe nar imthigh.
"Ach fan", ar' seisean, "agus innseochaidh mé duit an mí-adh a bhí orm agus an méid de na diabhail a tháinic orm agus an bhail a thug siad orm sul mar bhfuair mé imtheacht as a gcrúba. Nuair a chuaidh me isteach 'un toighe chuaidh mé suas i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Prionnsias Mac Páidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall